Learn the Rosary in Irish

Each year, Seachtain na Gaeilge marks Irish Language Week in Ireland.

In 2021, the week actually runs from 1st of March to St. Patrick’s Day next week.

The Rosary has a particular place in the history of the Irish language, during the Penal Laws it was illegal to attend Mass and the Family Rosary had to suffice instead as a regular means of maintaining one’s faith.

Below is the

Sign of the Cross

In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sprid Naoimh, áiméin.

Apostles Creed

Creidim i nDia, an tAthair Uilechumhachtach, Cruthaitheoir Nimhe agus Talún, agus i nÍosa Críost a Aonmhac san ár dTiarna, do gabhadh ón Spriod Naomh, do rugadh ó Mhuire ógh, d'fhulaig páis fé Phointeas Píolóid, do céasadh ar an gcrois, fuair bás agus d'adhlacadh, chuaigh síos go hifreann, d'aiséirigh an treas lá ó mhairbhe, chuaigh suas ar neamh, tá ina shuí ar dheasláimh Dé an tAthair Uilechumhachtach, as san tiocfaidh ag tabhairt bhreithiúntais ar bheo is ar mhairbh. Creidim sa Spriod Naomh, sa naomh-Eaglais Chaitliceach, i gComaoine na Naomh, i Maithiúnachas na bPeacaí, i nAiséirí na Colla, is sa Bheatha Shíoraí. áiméin.

Our Father

Ár nAthair, atá ar neamh, go naomhaítear t'ainm, go dtaga do ríocht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dhúinn inniu, agus maith dhúinn ár gcionta mar a mhaithimíd do chách, agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc. áiméin.

Hail Mary

Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir na mná agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainn na peacaigh,anois agus ar uair ár mbáis. áiméin.

Glory Be

Glóire don Athair is don Mhac is don Spriod Naomh, mar a bhí ar dtúis, mar atá fós, is mar a bheidh trí shaol na saol. áiméin.

Oh My Jesus

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire. áiméin.

Hail Holy Queen

Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon Naofa, a Mháthair na Trócaire, go mbeannaíthear duit, is tu ár mbeatha, ár mílseacht is ár ndóchas. Is ort-sa a screadaimíd, clann bhocht dhíbeartha Éabha, is chughat-sa suas a chuirimíd ár n-osnaithe, ag caoineadh is ag gol sa ghleann so na ndeor. Iompaigh orainn, dá bhrí sin, a Choimirce, a chaomh-uasail, do shúile atá lán de thrua, is nuair a bheidh deireadh lenár n-íobairt ar an saol so, tabhair radharc dúinn ar thoradh do bhroinne, Íosa, a Mhaighdean Mhuire ró-thrócaireach, ró-ghrámhar, ró-mhilis. Guigh orainn a naomh-Mháthair Dé, ionas gur fiú sinn gealltanais Chríost a fháil. áiméin.

For those looking for pronunciations, these videos will help.

You can subscribe to us on Youtube by clicking here: http://bit.ly/BitesizeSubscribeHow to say the Glory be to the Father in Irish GaelicBitesize Beo: http:/...

You can subscribe to us on Youtube by clicking here: http://bit.ly/BitesizeSubscribeÁr nAthair: Our Father | The Lord's Prayer in Irish GaelicSign-up for a F...

You can subscribe to us on Youtube by clicking here: http://bit.ly/BitesizeSubscribeHow to say the Hail Mary in Irish GaelicSign-up for a FREE trial to Learn...